Is breá liom an CD Nancy Bhán agus an fonnadóir Beairtle Ó Domhnaill. Agus seo é ceann de na amhráin is fear liom as an CD.
Nár chuir tú liúr agam ná glaoch le gluthán,
Ná ní chuirfidh tú cárta agam le haghaidh Vailintín,
Níor labhair tú ar m'ainm ariamh i measc do chairde,
Is mo chroí anseo cráite le cumha i do dhiaidh,
Bliain go hearrach seo tar éis Lá 'le Pádraig,
Sea d'fhág tú an áit seo agus chuaigh go Wales,
Nár dúirt tú an mhaidin sin go raibh tú i ngrá liom,
Ach cén fáth, a Mháirtín, gur thréig tú mé?
Bím ag smaoineamh oíche is lá ort,
Ag siúl na sráide is mé amuigh liom fhéin,
Dheamhan duine á fhiafraí díom cá bhfuil Máirtín,
Nach é an freagra a fhaigheann siad, go bhfuil sé i Wales,
Dá bhfaighinnse scilling ar gach deoir dár chaoin mé,
Bheadh puint le roinnt agam 'gus mo sparán lán,
Mar tá mé cinnte gur shil na mílte,
De mo dheora síos liom i ndiaidh mo Mháirtín bán.
Tá an samhradh ar ais aríst, nach breá le rá é,
Tá an ghrian ag ardú is í te dá réir,
Ba dheas an aimsir í le dhul thar sáile,
Ar thóraíocht Mháirtín atá i South Wales,
Má tá bean eile aige agus mé fhéin fágtha,
Más luath nó mall é tiocfaidh athrú scéil,
Mar i gcathair Chardiff thall tá mná gan náire ann,
Is iomaí fear a d'fhága siad ag caint leis fhéin,
Dá bhfillfeá abhaile go dtí mé, a Mháirtín,
Seacht n-uaire ab fhearr duit é ná bheith thall i Wales,
Tá an ceol is an chraic anseo, is ag feabhsú atá sé,
Tá na tithe ósta Ián is tá mé fós liom fhéin,
Shíl mé gur sign ón mbás é,
Mar ó Iá go Iá bhínn ag faire an mhail,
Séard dúirt fear an phosta liom nach bocht an cás é,
Nó an bhfuil peann ná páipéar le fáil i Wales?
Ní raibh peann ná páipéar ariamh chomh gann sin,
Ba fear é Máirtín a bhí in ann scríobh agus Iéamh,
Ach rug an deoch air agus sháinnigh mná é,
Is nach diabhaltaí an feall é do fhear mar é,
Níl ní níos measa ná scéal níos cloíte,
Ná bean ag caoineadh is i go mór i ngrá,
Ag súil abhaile le fear nach scríobhfadh,
A Mháirtín, smaoinigh orm is ná fan thall,
Ag súil abhaile le fear nach scríobhfadh,
A Mháirtín, smaoinigh orm is ná fan thall.